An Phríobháideacht agus Fianáin

Is é My Top Tickets Limited a dhéanann cothabháil ar an láithreán gréasáin seo chun ceannachán Cártaí Oidhreachta OPW a éascú. Urramaíonn My Top Tickets agus an OPW do cheart chun príobháideachta go huile is go hiomlán, agus ní bhaileoidh siad, ceachtar acu, aon fhaisnéis phearsanta fút ar an láithreán gréasáin seo gan do chead soiléir a fháil chuige sin. Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta a chuireann tú ar fáil go deonach leis na caighdeáin is airde slándála agus rúndachta, de réir na nAchtanna um Chosaint Sonraí in Éirinn.

Baineann an ráiteas seo lenár gcleachtais phríobháideachais maidir leis an suíomh gréasáin seo. 
 

Bailiú agus Úsáid Faisnéise Pearsanta

Ní bhailíonn an láithreán gréasáin seo aon sonraí pearsanta, seachas an fhaisnéis a chuireann tú ar fáil chun Cárta Oidhreachta a ordú nó a chuireann tú ar fáil go deonach - mar shampla nuair a thugann tú aiseolas dúinn nó nuair a chuireann tú ceist orainn. 

Ní bhaintear úsáid as aon fhaisnéis a thugann tú ar an mbealach sin ach amháin chun na críche a chuireann tú ar fáil mar shampla chun d'ordú ar Chártaí Oidhreachta a shásamh tríd an bpost nó chun do cheisteanna a fhreagairt. 

Ní roinntear do chuid faisnéise riamh ach amháin leis an OPW (Oifig na nOibreacha Poiblí) chun d’ordú a shásamh agus a rianú.
 

Eolas a Bhailímid go Rialach

D’fhéadfaimid an fhaisnéis seo a leanas a bhailiú ó gach uile úsáideoir ar an láíthreán seo:

 

  • Faisnéis staitistiúil (seoladh IP agus óstainm, leagan brabhsálaí gréasáin, leathanaigh ar tugadh cuairt orthu srl.).
  • An seoladh láithreáin ghréasáin roimhe ónar tháinig tú chugainn lena n-áirítear aon téarmaí cuardaigh ar úsáideadh.
  • Tá na sonraí a chuireann tú isteach agus Cárta Oidhreachta OPW á ordú agat, mar shampla, d’ainm féin, na hainmneacha le cur ar na cártaí, do sheoladh ríomhphoist, d’uimhir theagmhála agus an seoladh poist a chuige a bhfuil ordú an Chárta Oidhreachta le bheith curtha.

 

Cad Chuige a nÚsáidimid an Fhaisnéis

Ní úsáidfear aon fhaisnéis phearsanta a chuireann tú ar fáil tríd an láithreán gréasáin seo ach amháin chun na críche atá beartaithe, mar shampla chun do ordú ar Chárta Oidhreachta a shásamh nó chun do cheisteanna a fhreagairt.

An fhaisnéis theicniúil a bhailímid m.sh. ní úsáidfear Google Analytics ach chun críocha staidrimh agus críocha riaracháin eile. Ba chóir duit a thabhairt faoi deara nach ionann sonraí teicniúla, nach féidir linn a nascadh le haon duine inaitheanta, agus ‘sonraí pearsanta’ chun críocha an Achta um Chosaint Sonraí 2018.

Chun do chuid faisnéise pearsanta a chosaint, glacaimid le dea-chleachtais tionscail chun a chinntiú nach gcailltear é, nó nach mí-úsáidtear nó nochtar go míchuí é, agus nach bhfaightear rochtain ar go míchuí.

Tá ár gcórais cumraithe le teicneolaíocht chaighdeánach criptithe sonraí agus teicneolaíocht balla dóiteáin. Nuair a sheolann tú Faisnéis Phearsanta Aitheanta dúinn ar an Idirlíon, tá teicneolaíocht do Shraith Soicéad Slán (SSL) cosanta do shonraí chun tarchur sábháilte a chinntiú.
 

Cártaí Íocaíochta

Bainimid úsáid as Stripe chun do shonraí íocaíochta a fháil le haghaidh na hidirbhearta go léir. Tá Stripe ina cheannródaí domhanda sa teicneolaíocht íocaíochta agus tá sí ar cheann de na próiseálaithe íocaíochta is sábháilte ar domhan. Soláthraíonn Stripe seisiún slán SSL criptithe 256bit chun do phríobháideacht a chosaint, lena n-áirítear faisnéis faoi chárta creidmheasa. Ní stórálann ár gcóras uimhreacha cártaí creidmheasa riamh. Soláthraítear leis seo an leibhéal slándála is airde is féidir chun do thaithí ceannaigh ar líne a dhéanamh sábháilte agus slán. Chun tuilleadh a fhoghlaim faoi Stripe tabhair cuairt ar www.stripe.com.

 

Fianáin

Bainimid úsáid as fianáin ar an láithreán gréasáin seo. Is píosaí beaga faisnéise iad fianáin, a stóráiltear i gcomhad téacs simplí, a chuireann láithreán gréasáin ar do ríomhaire. Is féidir leis an láithreán gréasáin fianáin a léamh ar do chuairteanna ina dhiaidh sin. Féadfaidh an fhaisnéis atá stóráilte i bhfianán a bheith bainteach le do nósanna brabhsála ar an leathanach gréasáin, nó le huimhir aitheantais uathúil ionas gur féidir leis an láithreán gréasáin cuimhneamh a dhéanamh ort agus tú ag teacht ar ais ann den athuair. Scriostar fianáin eile nuair a dhúnann tú do bhrabhsálaí agus ní bhaineann siad ach le hoibriúchán an láithreáin ghréasáin. Go hiondúil, ní bhíonn faisnéis phearsanta i bhfianáin ar féidir leat a aithint uathu, mura bhfuil an fhaisnéis sin curtha ar fáil agat ar an láithreán gréasáin.

Nuair a thugann tú cuairt ar an láithreán gréasáin seo den chéad uair, feicfidh tú teachtaireacht a chuirfidh tú ar an eolas maidir le fianáin. Má chliceálann tú ar an gcnaipe ‘Dún’, socrófar fianán a dhéanfaidh taifead ar do rogha.

Tugann an chuid is mó de na brabhsálaithe deis duit fianáin a mhúchadh nó do shocruithe a shaincheapadh maidir le fianáin. Chun fáil amach conas é sin a dhéanamh, féach an roghchlár ‘Cabhair’ ar do bhrabhsálaí. Tabhair faoi deara, má mhúchann tú fianáin nó má athraíonn tú do chuid socruithe, b'fhéidir nach n-oibreoidh roinnt gnéithe den suíomh i gceart.
 

 

Tuilleadh Eolais nó chun Iarratas a Dhéanamh

Má tá imní ort faoi conas a phróiseáiltear sonraí pearsanta tríd an láithreán gréasáin seo, ná bíodh drogall ort a leithéid d'ábhair imní a chur in iúl dúinn.