Bain Úsáid as do Chárta Oidhreachta OPW chun Breathnú Thart ar na Láithreáin Oidhreachta Seo

Is féidir leat do Chárta Oidhreachta OPW a úsáid chun féachaint timpeall ar na láithreáin iontacha seo go léir, idir Chaisleáin, Mainistreacha, Tithe Móra, Páirceanna Stairiúla agus Gairdíní Iontach-Gleoite. Is féidir leat PDF den Bhróisiúr 'Láithreáin Oidhreachta na hÉireann 2019' a íoslódáil chomh maith ón gcuid dár láithreán ina bhfuil Íoslódálacha le fáil. Tá an bróisiúr ar fáil i nGaeilge, i mBéarla, i bhFraincis agus i nGearmáinis. Seolfar cóip den bhróisiúr in éineacht le gach aon ordú a fhaightear, agus tá cóipeanna den bhróisiúr ar fáil freisin ó na láithreáin oidhreachta a dtugann tú cuairt orthu.

NÓTA: Tá na láithreáin ag seo thíos curtha i láthair go hachomair, ach is féidir leat nasc a dhéanamh idir gach aon achoimre agus an próifíl iomlán ar HeritageIreland.ie trí chliceáil ar ‘amharc ar'.

Dátaí agus Amanna Oscailte: Is mar threoir ghinearálta amháin atá na míonna oscailte leagtha amach thíos. Chun teacht ar fhaisnéis níos mionsonraithe faoi dhátaí agus amanna oscailte agus ar fhaisnéis chomhairleach, cliceáil ar 'Féach'.

Luimneach

Caisleáin Áth Dara

Ionad Oidhreachta Áth Dara, Áth Dara, Co. Luimnigh
Oscailte Meitheamh go Meán Fómhair

Sampla breá de chaisleán daingne meánaoiseach. Bhí sé ina daingean tábhachtach d'Iarlaí Desmond.

Ciarraí

Ardeaglais Ard Fhearta

Ard Fhearta, Trá Lí, Co. Chiarraí
Oscail Márta déanach go deireadh mhí Mheán Fómhair

Mainistir a bhunaigh Naomh Breandán 'The Navigator' sa 6ú haois. Tá trí eaglais mheánaoiseacha ann, dhá chloch ogham agus leaca uaighe luath-Chríostaí agus meánaoiseacha ar an suíomh.

 

Gaillimh

Caisleán Bhaile Átha an Rí

Caisleán Bhaile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Oscail Márta déanach go luath i mí Dheireadh Fómhair

Coimeád Normannach trí stór ón 13ú haois. Tá snoíodóirí cloiche uathúla den tréimhse sa taobh istigh.

Gaillimh

Caisleán Achadh na nIúr

Uachtar Ard, Co. na Gaillimhe
Oscailte go déanach i mí Feabhra go dtí go déanach i mí na Samhna

Tógtha gar do bhruacha Loch Coirib timpeall 1500. Túrteach Gaelach atá athchóirithe ar bhealach álainn is é Caisleán Achadh na nIúr, a thóg ceann de na clanna Éireannacha ab fhíochmhara a bhí ann - na Flaitheartaigh.

An Mí

Cath na Bóinne - Eastát an tSeandroichid

Cath na Bóinne (Ionad na gCuairteoirí), an tSeandroichid, Droichead Átha, Co. na Mí
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Troideadh Cath na Bóinne idir Rí Liam III agus a athair céile, Rí Séamus II, in 1690. Bhí an dúrud ag brath ar an troid, cé a bheadh i gcumhacht sa Bhreatain, an mbeadh an lámh in uachtar ag an Fhrainc san Eoraip agus cén creideamh a bheadh i gcumhacht in Éirinn.

Ros Comáin

Mainistir na Búille

Mainistir na Búille, Co. Ros Comáin
Oscailte ó dheireadh mhí an Mhárta go dtí go déanach i mí Mheán Fómhair

Mainistir Chistéirseach mórthaibhseach a bhfuil dea-riocht uirthi go deo agus ar bunaíodh í sa 12ú haois.

An Mí

Ionad Cuairteoirí Bhrú na Bóinne (Sí an Bhrú agus Cnóbha)

Dún Uabhair, Co. na Mí
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Tugtar léirmhíniú ar fáil ar oidhreacht seandálaíochta Bhrú na Bóinne, agus na tuamaí meigiliteacha de Shí an Bhrú agus Cnóbha ina measc. Láithreán gnóthach, féach 'amharc' le haghaidh nóta faisnéise.

Tiobraid Árann

Caisleán na Cathrach

An Chathair, Co. Thiobraid Árann
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Ceann de na caisleáin is mó agus is fearr caomhnaithe in Éirinn, a bhí mar phríomhdhaingean an teaghlaigh chumhachtaigh sin, muintir de Buitléir, tráth dá raibh. Tá an coimeád mór fós sa chaisleán, chomh maith le túr agus cuid mhaith dá struchtúr cosanta.

Sligeach

Reilig Mheigiliteach na Ceathrún Móire

An Cheathrú Mhór, Co. Shligigh
Oscailte ó dheireadh mhí an Mhárta go dtí go luath i mí na Samhna

An reilig mheigiliteach is mó in Éirinn agus breis is 60 tuama ann, cuid acu sin i measc na cinn is sine sa tír.

Baile Átha Cliath

Casino Marino

Marino, Baile Átha Cliath 3
Dúnta le haghaidh cothabhála riachtanaí

Creid nó ná creid, tá 16 sheomra maisithe go mín sa Casino, focal a chiallaíonn “teach beag”, a bhfuil saibhreas as cuimse ann maidir leis an gcaolchúis agus an dearadh araon. Is foirgneamh iontach é - ó thaobh struchtúir agus staire de araon.

Cill Dara

Baile an Chaisleáin

Cill Droichid, Co. Chill Dara
Oscailte Márta go dtí lár mhí na Nollag. Páirc ar oscailt ar feadh na bliana.

Is é Baile an Chaisleáin an teach tuaithe is mó agus is suntasaí sa stíl Phallaidiach in Éirinn. Tá an teach suite i lár fearainn páirce álainn ón 18ú haois.

Maigh Eo

Achaidh Chéide

Baile an Chaisil, Co. Mhaigh Eo
Oscailte ó lár mhí an Mhárta go dtí mí Dheireadh Fómhair

Tírdhreach de pháirceanna ón gClochaois a bhfuil claíocha cloiche thart orthu, d’áitribh agus de thuamaí meigiliteacha atá caomhnaithe faoi bhratphortach atá os cionn 5,000 bliain d'aois.

Corcaigh

Daingean Rinn Chorráin

Carraigín na Plubóige, Cionn tSáile, Co. Chorcaí
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Sárshampla de dhún réaltchruthach ón 17ú hAois atá ann. Mar cheann de na suiteálacha míleata is mó sa tír, tá baint aige le cuid de na himeachtaí is tábhachtaí i stair na hÉireann.

Uíbh Fhailí

Cluain Mhic Nóis

Droichead na Sionainne, Baile Átha Luain, Co. Uíbh Fhailí
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Láthair mhainistreach ón 6ú haois, ina bhfuil trí chros ard, Ardeaglais, seacht séipéal agus dhá thúr bhabhta. Láithreán gnóthach atá ann. Féach 'amharc ar' chun teacht ar fhógra comhairleach maidir leis.

Ciarraí

Tigh Mór Dhoire Fhíonáin, Páirc Náisiúnta Stairiúil

Cathair Dónall, Co. Ciarraí
Oscailte ó lár mhí an Mhárta go dtí go luath i mí na Nollag

Teach mhuintir Dhónaill Uí Chonaill, an dlíodóir, polaiteoir agus státaire. Lonnaithe ar 120 heicteár de thailte páirce ar chósta álainn Chiarraí.

Corcaigh

Caisleán Iarla Dheasumhan, Cionn tSáile

Sráid Chorcaí, Cionn tSáile, Co. Chorcaí
Dúnta le haghaidh oibreacha athchóirithe

Tógtha ag Iarla Dheasumhan timpeall ar 1500. Sárshampla de thúrtheach uirbeach, is éard atá ann sa chaisleán ná coimeád trí stór choimh maith le foirgnimh stórais atá suite chun cúil.

Dún na nGall

Caisleán Dhún na nGall

Baile Dhún na nGall, Co. Dhún na nGall
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Ba é taoiseach de chuid na hUa Dhomhnaill a thóg é sa 15ú haois, in aice le hAbhainn na hIascaí, agus cuireadh teach mainéir i stíl Sheacaibíneach leis sa 17ú hAois. Tá an caisleán ar fad faoi throscán.

Corcaigh

Cúirt Dhún ar Aill

Dún an Aill, Co. Chorcaí
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Tá thart ar 166 heicteár sa Pháirc agus is sampla iontach é de pháirc thírdhreachtaithe ón 18ú haois sa stíl 'Capability Brown'

Baile Átha Cliath

Caisleán Bhaile Átha Cliath

Sráid an Dáma, Baile Átha Cliath 2
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Caisleán Normannach a bhí ann i dtosach, ach sa lá atá inniu ann tá foirgnimh ann ar tógadh iad idir an 17ú haois agus an 20ú haois chomh maith le hiarsmaí meánaoiseacha.

Gaillimh

Dún Aonghasa

Árainn, Co. na Gaillimhe
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Tá Dún Aonghasa suite ar aill atá ag breathnú amach ar aigéan an Atlantaigh, agus is é Dún Aonghasa an ceann is mó de na dúnta cloiche réamhstairiúla ar Oileáin Árann.

Cill Chainnigh

Dearc Fhearna

Baile an Phoill, Chill Chainnigh
Oscailte ó lár mhí an Mhárta go dtí mí Dheireadh Fómhair

Ceann de na pluaiseanna aolchloiche is suimiúla in Éirinn ina bhfuil sraith de sheomraí faoi thalamh ar cruthaíodh iad thar na milliúin de bhlianta. Rinne na Lochlannaigh sléacht sa láithreán seo in 928.

Laois

Cúirt Ioma

Ioma, Co. Laoise
Oscailte déanach i mí na Bealtaine go dtí go luath i mí Dheireadh Fómhair

Rinne James Gandon an teach mór iontach seo a dhearadh sa stíl nuachlasaiceach i 1790 d'Iarlaí Cúil an tSúdaire. Tabhair cuairt ar an teach, agus ar na taispeántais, ar na fearainn pháirceanna, na siúlóidí cois locha agus na seomraí tae atá ann.

An Clár

Mainistir na hInse

Sráid na Mainistreach, Inis, Co. an Chláir
Oscailte ó Aibreán go dtí an 1 Samhain

Tá go leor dealbha ón 15ú haois agus ón 16ú haois atá dealbhaithe san aolchloch chrua ón gceantar áitiúil le feiceáil sa mhainistir Phroinsiasacha seo ón 13ú haois, a bhunaigh muintir Ua Bhriain na Thuamhan í, a raibh smacht acu ar an gcuid is mó de Thuaisceart na Mumhan tráth dá raibh.

Baile Átha Cliath

Farmleigh

Páirc an Fhionnuisce, Baile Átha Cliath 8
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Eastáit de 78 acra, a cheannaigh an OPW thar ceann an Rialtais, agus a forbraíodh chun cóiríocht a sholáthar do dhaoine uaisle ar cuairt agus ar aíonna de chuid an náisiúin chomh maith. 

Ciarraí

Aireagal Ghallarais

Gallaras, Daingean, Co. Chiarraí
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Ceann de na láithreáin Chríostaí is fearr caomhnaithe in Éirinn. Is féidir rochtain a fháil ar an Aireagal ó cheann ceann na bliana. Mar sin féin, dúnann an tIonad Cuairteoirí le linn mhíonna an gheimhridh.

Dún na nGall

Teach agus Gailearaí Gléibe

An Ghléib, Mín an Lábáin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Oscailte déanach i mí na Bealtaine go dtí go luath i mí na Samhna

Teach i stíl na Leasríochta atá maisithe le páipéar balla Victeoiriach a dhear William Morris, agus le teicstílí agus le saothair ealaíne a rinne daoine de chuid mhór-ealaíontóirí na 20ú haoise. Níl rochtain ar an teach ach trí thuras treoraithe amháin.

Cill Mhantáin

Ionad Cuairteoirí Ghleann Dá Loch

Gleann Dá Loch, Co. Chill Mhantáin
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Tá cáil air mar gheall ar an láithreán mainistreach a bunaíodh sa 6ú hAois ann. Tá cloigtheach, eaglaisí cloiche agus an iliomad crosa le feiceáil sa lá atá inniu ann.

Dún na nGall

Caisleán Ghleann Bheatha

Mín an Lábáin, Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

16,500 heicteár de shléibhte, lochanna, gleannta agus coillte, agus caisleán ón 19ú hAois a dtéann Gairdíní cáiliúla Ghleann Bheatha thimpeall air. Ní féidir dul isteach sa Chaisleán ach amháin le turas treoraithe.

An Mí

Teamhair

An Uaimh, Co. na Mí
Oscailte go déanach i mí Aibreáin go dtí lár mhí Mheán Fómhair

Croílár cumhachta Ard-Ríthe na hÉireann, ba é an lárionad polaitíochta agus creidimh ba thábhachtaí in Éirinn san aimsir réamh-Chríostaí é. Tá bealach isteach ar an láithreán lasmuigh den séasúr (seachas an séipéal).

Corcaigh

Ilnacullin (Garinish Island)

Oileán an Chuilinn
Oscailte ó Aibreán go dtí an 3 Samhain

Gairdín a bhfuil áilleacht nach bhfuil coitianta ag baint leo ar oileán atá suite sa chuan foscúil den Ghleann Gharbh i mBá Bheanntraí. Rochtain ann ar bhád/bhád farantóireachta.

Ciarraí

Ionad an Bhlascaoid Mhóir

Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí
Oscailte ó dheireadh mhí an Mhárta go dtí go luath i mí na Samhna

Déantar ceiliúradh ar scéal muintir na nOileán Blascaod, ar a dteanga dhúchais, ar a gcultúr agus a gcuid nósanna.

Gaillimh

Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh Conamara - Ionad Cultúrtha i gConamara

An Gort Mór, Rosmuc, Co. na Gaillimhe
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Déanann an t-ionad cuairteoirí úrscothach seo ceiliúradh ar chultúr, agus ar thírdhreach Ghaeltacht Chonamara. Mealladh Pádraig Mac Piarais duine de cheannairí Éirí Amach 1916, chun fanacht sa cheantar seo le linn na samhraí mar gheall ar an oidhreacht ar leithligh a bhaineann leis an áit.

Cill Chainnigh

Mainistir Sheireapúin

Baile Mhic Andáin, Co. Chill Chainnigh
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Mainistreach Shistéirseach den chéad scoth a bunaíodh sa dara leath den 12ú haois. Tógadh an eaglais, a bhfuil mionghnéithe uirthi sa stíl Rómhánúil, sa tréimhse seo.

Loch Garman

Páirc Chuimhneacháin agus Crannlann JFK

Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

252 heicteár ina bhfuil 4,500 cineál crann agus tor, 200 ceap foraoise, róslabhras agus buaircínígin bheaga

Cill Chainnigh

Caisleán Chill Chainnigh

Cathair Chill Chainnigh, Co. Chill Chainnigh
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Caisleán ón 12ú haois ar athdhearadh é san aimsir Victeoiriach. Tá an caisleán, atá lonnaithe i bhfearainn pháirce fairsing, athchóirithe le déanaí ionas agus an bhreáthacht a bhí air sna 1830idí curtha ar ais air. Is féidir cuairt féin-threoraithe a thabhairt le linn an ardshéasúir. Thurais threoraithe amháin le linn an tséasúir chiúin.

Baile Átha Cliath

Príosún Chill Mhaighneann

Bóthar Inse Chór, Cill Mhaighneann, Baile Átha Cliath 8
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Tá Príosún Chill Mhaighneann ar cheann de na príosúin nach bhfuil fós á úsáid is mó san Eoraip, a raibh baint aige le scéal formhór de na himeachtaí is gaisciúla agus is tragóidí a tharla in Éirinn agus í ina náisiún nua-aimseartha.

Ciarraí

Teach & Gairdíní Mhucrois

An Pháirc Náisiúnta, Cill Airne, Co. Chiarraí
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Teach mór galánta ón ré Victeoiriach iontach gairdíní a bhfuil clú domhanda orthu. Rochtain ar Theach Mhucrois mar Thuras Treoraithe Amháin. Is suíomh an-ghnóthach é seo agus d'fhéadfadh moill a bheith ann

An tSeanmhainistir Mhór

Tulaigh Álainn, Droichead Átha, Co. Lú
Oscailte déanach i mí na Bealtaine go dtí go luath i mí Mheán Fómhair

An chéad mhainistir Chistéirseach in Éirinn. Is iad na gnéithe is sainiúla inti ná an lavabo ochtónach atá ann ó thart ar an mbliain 1200.

Tiobraid Árann

Caisleán Urumhan

Páirc an Chaisleáin, Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
Oscailte ó dheireadh mhí an Mhárta go dtí go luath i mí na Samhna

An eiseamláir is fearr in Éirinn de theach mainéir ó Ré Eilíse. Thóg Thomas, an 10ú Iarla Urumhan, sna 1560í é.

Liatroim

Caisleán Parke

Abhainn an Chartúin, Co. Liatroma
Oscailte ó dhéanach i mí an Mhárta go dtí go luath i mí Dheireadh Fómhair

Mainéar daingne ón 17ú hAois atá ann, a ndearnadh athchóiríodh air le déanaí, ag baint úsáide as adhmad darach Éireannach agus an cheardaíocht thraidisiúnta. Suite ar bhealach gleoite ar bhruacha Loch Gile.

Gaillimh

Caisleán Phort Omna

Port Omna, Co. na Gaillimhe
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Bhí an mainéar seo ón aimsir Sheacaibíneach agus ar tógadh é roimh 1618é, mar lárionad cumhachta mhuintir De Burgo le breis agus 200 bliain. I measc nithe eile, tá gairdín cistine ón 17ú haois a bhfuil ballaí timpeall orthu ann a athchóiríodh le déanaí.

Ros Comáin

Ionad Cuairteoirí Ráth Cruachan

Cruachan Aí, Tuilsce, An Caisleán Riabhach, Co. Ros Comáin
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Tá saibhreas iontach seandálaíochta agus litríocht spreagúil suite san ionad ríoga de Ráth Cruachan, príomhionad na gConnacht seanda, a théann siar thar 6,000 bliain.

Baile Átha Cliath

Rathfarnham Castle

Bóthar Ráth Fearnáin, Baile Átha Cliath 14
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Caisleán ón 16ú haois agus an taobh istigh de maisithe san 18ú haois ag Sir William Chambers agus James ‘Athenian’ Stuart [James ‘Aithneach’ Stuart].

Port Láirge

Túr Raghnaill

An Ché, Port Láirge
Oscailte Eanáir go dtí lár mhí na Nollag.

Tá an túr ciorclach a bhí mar chuid de chosaintí an bhaile ar dtús. ón 13ú haois, athchóirithe. Baineadh úsáid as ina dhiaidh sin mar mhionta, mar phríosún agus mar stóras míleata

Tiobraid Árann

Carraig Phádraig

Caiseal, Co. Thiobraid Árann
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

Grúpa mórthaibhseach d'fhoirgnimh Mheánaoiseacha atá lonnaithe ar lomán aolchloiche i Machaire na Mumhan. Láithreán gnóthach é seo, féach ‘amharc ar' chun threoir a fháil.

Tiobraid Árann

Oidhreacht Ros Cré (Caisleáin agus Teach Damer) chomh maithe leis na Muilte Dubha

Sráid an Chaisleáin, Ros Cré, Co. Thiobraid Árann
Oscailte ó dheireadh mhí an Mhárta go dtí go déanach i mí Mheán Fómhair

Muileann Athchóirithe agus Cros Ard. Teach ón 18ú haois i stíl Queen Anne, Teach Damer, atá suite i gclós caisleáin a tógadh é sa 13ú haois.

Ciarraí

Caisleán an Rois

Cill Airne, Co. Chiarraí
Oscailte ó mhí an Mhárta go dtí luath i mí na Samhna

Caisleán athchóirithe a tógadh sa 15ú hAois a bhfuil bailiúchán breá de throscán darach ón 16ú agus 17ú hAois ann sa lá atá inniu ann.

Sligeach

Mainistir Shligigh

Sráid na Mainistreach, Sligeach, Co. Shligigh
Oscailte ó dhéanach i mí an Mhárta go dtí Deireadh Fómhair

Mainistir Dhoiminiceach ón 13ú hAois ina bhfuil an t-aon ard-altóir amháin atá fós le feiceáil in aon eaglais mhainistreach in Éireann a rinneadh í a dhealbhú sa 15ú hAois.

Tiobraid Árann

An Teachín Eilvéiseach

An Chathair, Co. Thiobraid Árann
Oscailte ó lár mhí an Mhárta go dtí go luath i mí na Samhna

‘Teachín ornáideach’ maisithe go gleoite a thóg Richard Butler, an 1ú Iarla Ghleann Gall, go luath sna 1800í de réir dearadh a rinne an ailtire cáiliúil sin ó Aimsir na Leasríochta, John Nash.

Loch Garman

Mainistir Thinteirn

Muileann an tSáile, Ros Mhic Thriúin, Co. Loch Garman
Oscailte ó dheireadh mhí an Mhárta go dtí go déanach i mí Dheireadh Fómhair

Mainistreach Cistéirseach ar chuir William, an Iarla Marshall, é ar bun timpeall ar 1200 agus ar ainmníodh é i ndiaidh Tintern sa Bhreatain Bheag.

An Mí

Caisleán Bhaile Átha Troim

Caisleán Bhaile Átha Troim, Co. na Mí
Oscailte ó Eanáir go Nollaig

An caisleán Angla-Normannach is mó in Éirinn, thóg Hugh de Lacy é sa 12ú hAois. Láithreán gnóthach atá ann